Píseň: Chuaigh Mé 'Na Rasann
- Interpret:
- Clannad
- Album:
- An Díolaim
Chuaigh mé ’na Rosann ar chuairt gur bhreathnaigh mé uaim an spéir is thart fá na hoileáin ó thuaidh Mar eilit agus cú 'na diaidh ’Sé déarfadh gach duine fá’n chuan ó tharla mé ’nuas fá’n chéidh “Nach maith a aithnighim ar do ghruaim gur fear thú ’bhfuil an tóir ’na dhiaidh.” Casadh domh an ainnir dheas óg, ach má casadh ’sí a labhair go géar: “Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig, cha mholaim ró-mhór do thrade! Chonaic mé fear ar tír mór is é ag siubhail gan bhróig inné; is dóigh liom gur thusa an fear óg is go bhfuil ort an tóir ’do dhiaidh.” Thit muid i dtuirse ’s i mbrón is d’fhiafraigh mé den óigbhean chaoin “Cá bhfuighimis gloine le h-ól a dtógfadh an brón dár gcroí?” “Tá teach beag ar leath-taobh an ród is coinnigheann sé i gcónaí braon – gabh thusa agus buail ar an bhord is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.” Cha rabh muid i bhfad ag gabháil cheoil gur chruinnigh go leor ’un toighe achan fhear is a ghloine ’na dhorn le comh-mhóradh a thabhairt don dís Bhí biotáilte fairsing go leor, cha rabh beagán dhá ól sa tír, is dá dtarraingeoinn-sa galún Uí Dhomhnaill, b’fhurast mo scór a dhíol Tharla mé isteach i dtoigh an óil agus b’fhaiteach go leor mé le suidhe ar eagla go dtiocfadh an tóir is go mbainfí an óigbhean díom Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir agus mheas mé gur chóir domh suidhe, ’sé duirt sí: “Bí thusa ag gabháil cheoil is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin.” Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón ’sé d’fhiafraigh an óigbhean díom “Cá mbíonn tú ’do chónaí sa lá nuair nach gcoinnigheann tú cró duit féin?” “Bím-sa seal ’dtoigh an óil, cha ndéanaim-sa lón don phingin: An méid úd a shaothraim sa lá a chaithim le spórt san oích’.”
An Díolaim (1998)
11. Cumha Eoghain Rua Uí Néill
13. Chuaigh Mé 'Na Rasann