Irská skupina hrající muziku vycházející z keltského folklóru ale částečně ovlivněnou i rockovou hudbou. Založena v r. 1968. Rodinné seskupení, jehož členem byla v letech 1980 - 82 i zpěvačka Enya, později úspěšná sólistka. V prvním období (cca...

Píseň: Níl Sé Ina La (Níl Sé'n La)

Interpret:
Clannad
Album:
Clannad
Chuaigh mé isteach i dteach aréir 
Is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna
Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor
Buail an bóthar is gabh abhaile"


Níl sé ina lá, níl a ghrá,
níl sé ina lá is ní bheidh go maidin,
níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
solas ard atá sa ghealaigh.


Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord
is bí ag ól anseo go maidin."


"Éirigh i do shuí, a fhear an tí,
cuir ort do bhrístí is do hata
go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
a bheas ag ól anseo go maidin."


Nach mise féin an fear gan chéill
a d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.